13 March 2018

13/03/2018 - Deiridh ré eile

Bhuel, an seal abhaile seo nach mór thart leanas ar aghaidh gan stad inniu. Ar dtús d'iniúchas na píosaí briste ó inne. Dob fhéidir liom iad a dheisiú, ach tarlóidh sé arís sara bhfad. Mar sin, ghlanas suas iad chomh maith agus ab fhéidir liom  agus chuireas isteach ina áit iad.

Ar ais ag na urláir arís ansin. Níl sé deacair, ach níl sé ró-shuimiúil ach an oiread.
Pé scéal é, bhí níos mó dul chun cinn ag deiridh an lae ná a bhíos ag súil ag tús an lae.
Dála an scéal, is méadar próifíle í an uirlis oráiste sin. Níor chualag fén a leithéid riamh go cúpla lá ó shin nuair a chonac ceann ar físeán ar Facebook. Cheapas díreach ansin go mbeadh sé in a chabhair mhór leis an urlár. Bhí An Bas i mBAC ag an deiridh seachtaine agus dúras léi gan teacht abhaile gan an uirlis suimiúil nua seo. Stop sí ag Woodies ar a slí abhaile agus ghlaoigh sí ar ais orm "Ar mhaith leat ceann 10 orlach nú 12 orlach?". Níos mó, níos fearr a d'fhreagair mé agus mar sin cheannaigh sí an ceann 12". Ach an chreidfeá, tá sé ró-fhada dul idir na frámaí agus mar sin ní rabhas ábalta é a úsáid ar aon chor.
Dá mbeadh an luas céanna agam nuair a tiocfad abhaile an chead uair eile tá súil agam go bheidh an urlár críochnaithe agam tar éis trí lá.
Ina dhiaidh sin tá an cófra agus na taftaí lé déanamh taobh istigh. Agus ina dhiaidh sin féachfad ar an taobh amuigh arís.


No comments:

Post a Comment