21 May 2019

16/05/2019 - Cléataí


Thugas fé deara go raibh an dá chléata a dheineas inné i bhfad ró-mhór. Bhíos ag ceapadh go mbeadh orm iad a fheistiú trasna dhá fhráma, ach nuair a bhíos ag fáil réidh lean fheistiú mhothaigh mé blocán mór darach taobh thiar den rungás. Chuireas ann iad i Mí na Nollag 2016, agus bhí siad glan dearúdta agam! Anois d'fhéadfainn cléataí níos lú a dhéanamh agus iad a bholtáil tríd an rungás agus an blocán le scriúnna cóiste.
Ghearreas síos na cinn ó inné agus leanas ar aghaidh leo.








Ina dhiaidh sin dheineas dealbh le haghaidh dhá chléata mhóra tosaigh.
Rith smaoineamh liom go mbeinn ábalta an dá chléata sin a úsáid mar leabaí an tafta tosaigh  - tafta is féidir a thógaint amach máis gá.
Dá bhrí sin bhí an feistiú i bhfad ní ba dheacra, mar bhí orm iad a chuir ann cothrománach iad féin, agus cothrománach lena chéile trasna an bád.


No comments:

Post a Comment