21 May 2019

17/05/2019 - Cléataí agus an tafta tosaigh

Thosnaíos an cléata clébhoird ar maidin, ag úsáid an dealbh céanna ón deasbhoird, ach bun os cionn.
Arís, bhíos cúramach go raibh sé feistithe cothrománach.

Agus ansin d'fheistigh mé le dhá scriú cóiste é.
Ansin, dheineas cinnte ar an athuair go raibh an tarna ceann cothrománach fad loinge agus ó bhord bord.
Táim réasúnta sásta leo siúd.
Agus ansin dalláin.

Agus ar deiridh, an tafta.

No comments:

Post a Comment