21 May 2019

15/05/2019 - Oibre leathair agus seáirseáil arís


An dá shreang ag an fad ceart anois, shíneas amach arís iad agus mharcáileas an lárphointe.
Ansin d'fhuáileas an leathair ar ais ortha.
Agus ansin dheineas an seáirseáil arís freisin.


Agus ansin bhíos réidh an crann a sheasadh arís, rud a dheineamar leis an crein - Liam ag tiomáint agus Paddy ag cabhrú liom ar deic.
An uair seo bhí spás ann le haghaidh na láinnéar.
Bhí faoiseamh orm é a fheiscint mar seo ag an deiridh.


Ach bhí obair fós le déanamh - do bhí cléataí lé déanamh.


No comments:

Post a Comment