21 May 2019

14/05/2019 - An rigín seasta arís


Bhí a fhios agam nuair a d'fhágas an baile mí ó shin go mbeadh orm an crann a thógaint anuas arís. Bhí an rigín seasta mí-cheart agus ní raibh aon slí eile é a cheartú.
Le cabhair ó Liam agus an craein, thógamar anuas é gan mórán deacrachtaí.

Ansin, ghearras spladhas amháin ó thaobh amháin na scriútaí agus ath-spladhsáil mé com eile ag an gcríoch nua.

Níl sé mar an com is deise riamh, ach déanfaidh sé an jab.

Ansin d'oscail mé na seáirseáil agus bhaineas an leathair den dá cheann.
Shíneas amach lena chéile iad agus mharcáileas an fad céanna ar an tarna cheann.

Lúbas an sreang ag an spota sin, thomhas mé an fad le haghaidh an com agus ghearras é.
Ansin thosnaíos ag spladhsáil arís.



No comments:

Post a Comment