22 May 2019

21/05/2019 - Leabaí iomartha

Táim leagtha amach go mbeidh an bád réidh le iomair i mbliana - agus chun é sin a bhaint amach chaithfead dhá leaba iomartha eile a dhéanamh.
Go traidisiúnta ar na gliomadóirí bhí trí mhaide rámha ann, ach ar mo bhád beidh ceithre chinn ann, ionas go mbeinn ábalta í a iomair i mo aonar, máis gá.

Thosnaíos le dealbh breá simplí.



Bhaineas úsáid as scriúnna agus pionnaí adhmaid lena feistiú.

Dhá pholl 28mm ar leithead agus shuigh na cnogaí isteach ann go deas.
Agus arís le haghaidh an tafta tosaigh.





Siad siúd déanta, thosnaíos leis mo chéad maide rámha.
Ní rabhas cinnte conas é a dhéanamh i gceart, ach thosnaíos ag déanamh an colpadh beagán cosúil leis an gcrann.


Tá an-chuid fós le déanamh ar an mbas, ach táim ag déanamh é trasna na trasnáin, chun a leithead is mó a fháil.
Roimh imeacht, thosnaíos ar an lonnadh le mo scian fhonsa.
Beidh a lán fós le déanamh amárach.


No comments:

Post a Comment