27 April 2015

27-04-2015 Ag tosnú ar na cnaíocha.




An chéad jab inniu ná deilbh nua a dhéanamh don post deiridh inmheánach. Tá an deilbh bunaidh ar iarraidh, bhuel, ní rabhas ábalta é a aimsiú ar aon nós. Chuaigh mise agus Fachtna go dtí an áit a bhfuil an Fionn agus an Saoirse Muireann thuas ar a leantóirí agus thomhasamair na codanna éagsúla orthu. Leag Fachtna na miosúir amach ar phíosa sraithadhmad. Ghearras amach ar an gcrios-sábh iad.


Ansin, síos linn go dtí mo chairn mhór dair leis na deilbheacha na cnaíocha tosaigh agus deiridh, an ball tosaigh agus  an post deiridh chun na cruthanna a ghearradh amach.

Nuair a bhaineas an clúdach den adhmad bhí sé soiléir nach raibh na stiallacha adhmad gan smál.
Bhuel, níl a lán le déanamh fé ag an bpointe seo.
Thógamair amach na cláir 4 orlach ar tiubh agus d'iniúchamair iad. Idir sú-adhmad, cranraí, lobhadh agus snáithe aisteach bhí sé deacair le feiscint an mbeidhmid in ann na píosaí a fháil in aon chor.

Liam ag iarraidh na píosaí a aimsiú laistigh san adhmad. Seo an cnaí deiridh.



Agus seo deilbh an cnaí tosaigh.


An chéad gearradh leis an sábh slabhrach.

Agus ansin suas ar an gcrios-sábh leis.



No comments:

Post a Comment