22 April 2015

Ag casadh ar an obair 22-04-2015

Ar deiridh bhí seans ag Liam cabhair a tabhairt dom fíor tús a dhéanamh.
Do thógamar píosa iorócó anuas agus thosaíomar ar an dtrasnán a thógáil.

An chéad rud ná an trasnán an Fionn a thomhais agus ansin an clár a chuir tríd an plánóir arís agus arís eile go dtí go raibh sé ag an tiús ceart (nó beagáinín ní ba thiubhe)



Liam ag cuir an clár tríd an bplánóir.
Bhreac Liam cruth an trasnán amach ar an gclár, agus ansin suas leis ar an gcrios-sábh.

An chéad jab eile ná iad a ghabháil ina chéile. Do bhí cuma cothrom orthu ón tús, dar le mo shúil féinig ar aon nós, ach ní raibh siad sách cothrom dar leis na saineolaithe! Amach leis an bplána mar sin :)



Níor thuigas ar dtús, ach ciallaíonn an can chomh beag sin go bhfuil an plána maol, agus ní féidir adhmad crua mar iorócó a phlánáil i gceart le plána maol.
Bhíos ag iarraidh dhá aghaidh cothrom agus dronuilleach a chuir ar gach píosa, ach cheapas go raibh siad ag eirí ní ba mheasa leis an méadú saothar a chuireas isteach orthu.


Bearnaí, bearnaí, bearnaí. i gcónaí bearnaí.

Tar éis tamall bhí trua ag Nick (siúinéir atá ag obair sa bhád-chlós) fúm agus do thaispeáin sé conas an plána, agus mo chuid siséil a ghéarú.

D'éirigh cursaí ní b'fhearr ina dhiaidh sin, ach fós bhíos cinnte nach mbeadh ach trí slat tanaí iorócó agus cairn mhór can sara mbeadh na píosaí adhmad seo cothrom agus dronuilleach. D'fhiafraigh mé de Liam an mbeadh siad ceart go leor, agus d'fhreagair sé go mbeidís, ach bheadh orainn roinnt calc nó séaltán a chuir eatarthu.
Leagamair amach iad, chomh cothrom agus ab fhéidir, chuireamar an deilbh orthu agus bhreacamair an cruth amach go deas slachtmhar agus cruinn.



Tá dhá deilbh ann den trasnán, ceann tanaí i gcomhar an cruth ceart, agus ceann leathan leis an mbeibheal air. Anois thóg Liam an ceann leis an mbeibheal amach agus do thaispeáin sé dom conas an beibheal a thomhas le fiarbhacart.
Is uirlis deas simplí é an fiarbhacart. Níl ann ach píosa adhmad le eitre beag gearrtha amach as gcríoch amháin agus píosa adhmad eile sáite isteach ann.
Mharcáilamair 11 ionad ar an deilbh, 3 orlach óna chéile, agus thomhaiseamar an beibheal ag gach ionad. Thaifeadamar na beibhil ar chlár beag adhmad in aice lámha.

Ag tomhas an beibheal.
Liam ag gearradh an tarna píosa amach. Thig leis an beibheal a dhéanamh leis an gcrios-sábh.

Dhein Liam an chéad dá phíosa. Do bhí an chéad ceann dronuilleach ach ghearr sé an beibheal isteach sa tarna cheann - ní an beibheal ceart a bhí i gceist, cuid maith de.

Chas mé fhéinig leis an triú phíosa a ghearradh. Ba chóir dom é a ghearradh amach gar leis an líne, ach an líne a fhágáil slán ar an bpíosa adhmad. Bhuel, féach ar an bpraiseach a dheinas de!
Bhí go maith agus ní raibh go holc go dtí.....
Is dócha go mbeidh roinnt calc ag dul isteach ansin chomh maith :(

Bhí cuma ceart go leor air, air aon nós, ach do bhí a lán obair fós le déanamh.
An chéad rud eile le déanamh ná na 11 ionad a thomhas agus a mharcáil amach ar an dtrasnán nua (ar an dá thaobh), agus ansin an beibheal ceart a scríobhadh isteach de réir an taifead a thógas ón sean-cheann.

Na 11 uilleann a thaifead mé ón sean-trasnán.


An fiarbhacart - uirlis deas simplí
Mo chara nua an tarscamhaire, nó spócphlána. Ní foláir a rá go raibh sé maol freisin!





Ag deiridh an lae, do bhí taobh amháin déanta agam agus do bhíos traochta. Níl sé éasca obair air adhmad crua agus casta mar iorócó le sean-uirlisí maol. An t-aon rud ná, tá súil agam ná fuil an saothar seo go léir curtha amú le mo chuid botúin beaga.


2 comments:

  1. That's looking very good - glad to see progress is being made!
    Spent a long time repairing wooden windows this leave so I can imagine the state you hands are in.

    ReplyDelete
  2. Looks can be deceiving Chris! There are more than a couple of mis-cuts already that will have to be caulked, if I'm lucky. If I'm not lucky I'll have to re-do the whole transom.

    ReplyDelete