29 April 2015

29-04-2015 Cnaí deiridh agus pósta tosaigh

An cuspóir a bhí inniu agam ná na cnaíocha agus póstaí a chríochnú.
An chéad rud a chuir cúl orainn ná tuilleadh fabhtanna sa chéad píosa darach eile.





Chaithamair roinnt ama ag triall ar na deilbh ar an adhmad le fáil amach conas iad a ghearradh is fearr.











Ag gearradh amach an cnaí deiridh as an stiall darach.

Líne lobhaidh sa lár arís!


Tar éis an cruth garbh a ghearradh amach, bhreactar an deilbh arís air agus ansin ghearrtar amach leis an gcrios-sábh é. Anois tá sé réidh chun dul tríd an bplánóir agus é a laghdú go dtí an tiús ceart.



Fé mar is gnáthach, ní mór dom é a phlánáil leis an bplána agus an tarscamhaire.
Agus ina dhiaidh sin, tosnaigh ar an bpósta tosaigh.



Ní bíonn an crios-sábh go mall ag gearradh píosa mhór darach síos don táille ceart.



Agus arís an plánóir.



Ó bhó go deo, fadhbanna le fabhtanna arís! Féach an líne dorcha sin ag dul trasna an snáithe, cad atá ann ach éasc lobhadh ag dul tríd mo pósta tosaigh nua. Do thaispeáin mé do Liam é agus mhol sé dom na póstaí tosaigh an Fionn agus an Saoirse Muireann a thomhais. Dúirt sé go raibh a lán adhmad fós le teacht as an bpíosa sin agus bhí seans maith nach rachadh an éasc tríd an gcuid tábhachtach.










Tar éis na póstaí eile a thomhais línigh mé amach an tiús céanna ar mo phíosa agus ansin thosnaigh mé ag plánáil an adhmad siar go dtí an líne.





Táim siar ag an líne anois ach tá an éasc fós le feiscint. D'fhéach Liam air arís agus dúirt sé go mbeadh sé ceart go leor, líonfaimid an chuid beag atá fágtha le líonach éigin.
An abairt sin arís "Beidh sé ceart go leor.", bím buartha gach uair a chloisim é!

Sin déanta, amach leis an bpéint.


Amárach bead ag dul ar saoire ar feadh seachtain, mar sin chuireas gach rud a bhí déanta agam i dtaisce, slán sábháilte, ach má thriomóidís ro-thapa beidís scólta agus scriosta.


An méid atá fágtha den dair, na fuíollghearrthóga ina measc. Chlúdaigh mé arís iad agus d'imigh abhaile.

No comments:

Post a Comment