28 April 2015

28/04/2015 Coiscéim chun tosaigh, péire ar gcúl, agus ceann do leataobh.

Do bhí mo chéad jab ag fanacht liom ar maidin; an cnaí deiridh a phlánáil. Táim ag eirí níos fearr leis an bplána agus an tarscamhaire anois agus táim ag dul chun cinn níos tapúla le torthaí níos deise chomh maith.




Mhol Liam dom cóta séalaithe a chuir ar na píosaí dair úr nua. Má thriomóidís ró-thapaigh tá seans maith go stangfaidís agus scoiltfidís thar tamall beag. Choimhéadfadh an prímeálach cuid maith den fliuchras istigh agus thriomóidís níos moille, agus tá súil agam nach stangfaidís an iomad!



Sin déanta, ar aghaidh leis an obair.

Ghearr Liam an píosa dair seo ina dhá leath ag súil go mbeadh muid in ann cúpla phíosa nó trí a fháil as; b'fhéidir an pósta tosaigh agus an cnaí tosaigh, nó mar sin.
D'iniúch Liam na cranraí, an snáithe agus eile agus mharcálamar amach cruth an cnaí tosaigh. Ansin suas go dtí an crios-sábh.







Do bhí tubaiste anuas orainn. Nuair a ghearramair amach an cnaí cad a bhí istigh i gcroí lár an adhmad ach síog tanaí lobhadh. Bhí Liam ábalta an rialóir a sháigh breis is orlach isteach ann.
Tá an píosa adhmad seo gan mhaith seachas i gcomhar an tine; an brosna is daoire a cheannaigh mé riamh!




Ar ais chuig an méid a bhí fágtha, ach bhí an cuid sin lán le scoilteanna freisin.


Agus an triú ceann. Ach leagamar an deilbh den pósta deiridh amach air agus cheap Liam go raibh seans go mbeadh sé sách maith. Chuireamar tríd an bplánóir é agus d'fhéach sé ní b'fhearr.











Bhreac mé an cruth amach ón deilbh agus lean mé ar aghaidh leis an gcrios-sábh.










Sin déanta, ar ais isteach sa seid agus ag casadh ar an gnáth obair.




Dronuilleach! Táim ag éirí níos fearr ag an méid seo.


Jab déanta.

No comments:

Post a Comment