24 April 2015

Ar deiridh, dul chun cinn leis an dtrasnán 23-04-2015

Nuair a tháinig mé chuig an clós maidin inniu, do bhí a fhios agam cad a bhí le déanamh, agus chas mé chun obair go díreach.
Do bhí an beibheal ar thaobh amháin den trasnán déanta inné agus bhí an taobh eile le déanamh inniu.
D'éirigh an obair ní ba éasca liom inniu toisc go bhfuil mé ag eirí níos fearr ag géarú m'uirlisí agus níos cleachtaí leis an obair é féin.





Ag an am seo mhothaigh mé mó chraiceann ag dó, agus bhíos cinnte go mbeadh clog agam ar mo bhos. Ach d'athraigh mé mo ghreim ar an tarscamhaire agus níor éirigh an clog in aon chor :)




D'fhéach mé leis an bpíosa deireanach den trasnán a ghearradh amach i m'aonar. Bhreac mé amach an deilbh ar phíosa iorócó agus thomhas mé an beibheal ar an sean-trasnán. Chuir mé an bord ag an uilleann céanna leis an gcuid sin den trasnán leis an fiarbhacart agus ansin, ghearr mé amach an bpíosa beag.

Uirlis fíor úsáideach an fiarbhacart, sa chás seo ag cuir an uilleann ceart ar an gcrios-sábh.
Ar fheabhas, do dheinas rud éigin i m'aonar, ach níl an cuma ro-mhaith air, an bhfuil?
Deiridh an ló a bhí ann, chuireas na píosaí i dtaisce le go mbeidh duine de na saor báid in ann breith a tabhairt air ló éigin eile!

No comments:

Post a Comment