02 March 2016

02/03/2016 - Ag bóltáil síos frámaí.


Agus mé ag tosnú ar maidin chonac go raibh roinnt boltaí fós ag bpointe ar an slí mícheart. Bhuel, b'in an chéad riar na hoibre mar sin :-)

Roimh
Iar
An tarna rud ná an bolta a ghearr John cúpla lá ó shin. Bhí tromluí agam aréir ag smaoineamh ar an mbolta sin ag meirgiú de réir a chéile taobh thiar den fráma sin. Dheinas dearúd aon phéint a chuir ar nuair a ghearrfar é.
Mar sin thógas an fráma amach agus chuireas spota beag 'cold galv spray' air. N'fheadar an déanfaidh sé aon difríocht i ndáiríre, ach ar a laghad beidh codladh agam anocht.


An triú jab ná na deilbh go léir a chuir i dtaisce arís. Ní chreidim é ach tá an frámáil críochnaithe anois, beag nó mór.

Agus ansin go fíor obair an lae - boltáil síos na frámaí eile.
An uair deireanach bhaineas úsáid as mo dhruilire saor féin as Lidl chun na poill a ghearradh, ach ceapaim go bhfuil an crágán de, sórt neamhchothrom agus bhí sé ag gearradh na poill ró-leathan. An uair seo d'úsáid mé druilire Liam agus bhí na boltaí i bhfad ní ba chúinge ag dul isteach iontu.
Bhí orm díreog nua a dhéanamh suas, ach bhíos ró-mífhoighneach le fanacht i gcomhar duine chun an bhéalmhír tharathair a amharc agus mé ag druileáil.


D'éirigh liom ceart go leor leis an gcéad cheann. Beagnach sa lár go foirfe.





Deas.

An bolta tríd agus an cnó fáiscthe.

D'úsáid mé an córas céanna leis an dtarna cheann, ach chuas ar strae caoi éigin. Chuas go Liam chun comhairle a fháil uaidh agus mhol sé dom leath ceann an bolta a ghearradh de agus é a bhádh i bpoll sa chíle leis an gcruth céanna. Rud a rinne mé.




Spota beag galv-spray ar an gceann gearrtha.



D'oibrigh sé, ach b'fhearr liom gan é a dhéanamh arís.
Ní raibh spás fágtha i gcomhar dallán, mar sin líonas an bearna le Sikaflex. Tá súil agam go mbeadh sé ceart go leor.





No comments:

Post a Comment