01 March 2016

01/03/2016 - Na boltaí tosaigh.

Bhí cúpla rud suimiúil le déanamh inniu.
Nuair a bholtáil John na frámaí le chéile, chuir sé roinnt acu isteach ó aghaidh go cúl agus roinnt eile ó cúl go haghaidh. Bhí a fhios agam go mbeadh mé ag féachaint ortha go deo na ndeor gan a bheith comhionann, agus chuirfeadh sé as go mór dom! 
Mar sin chuireas teanntráin agus tacaí ar na frámaí i gceist, d'oscail mé na cnónna agus bhualas na boltaí amach. Nuair a chuireas na boltaí isteach arís droim ar ais, agus ceapaim ná fuil aon dochar déanta.



Roinnt acu caoi amháin, roinnt caoi eile. >_<


Go léir mar a chéile ag an deiridh. Bhuel, na cinn ag an mbarr ar aon nós. Beidh na cinn ag an mbun as radharc nuair a bheidh an bád feistithe amach ar fad.

An tarna jab inniu ná fráma a dó a bholtáil síos agus le chéile.
Bhí ceann de na boltaí ag dul tríd an cíle agus an cnaí tosaigh díreach in san áit i gcomhar fráma a dó. Sin fadhb. Bhí orainn an bolta sin a thógaint amach ach fós bhí fadhb an. Chuaigh an bolta sin isteach ag uilleann éagsúil, sé sin le rá nach raibh sé ceartingearach. Ach ní foláir don bolta i gcomhar an fráma bheith díreach ceartingearach. An réiteach? Ghearr Liam poll ceartingearach in urlár u. a dó agus mhol sé dom an bolta nua a chuir isteach sa sean-pholl agus ansin é a chamadh siar go mbeadh sé ceartingearach ón cíle suas. Ansin chuirfimis an urlár thar an bolta.

   
An bolta nua ag dul isteach, claonta ar aghaidh, agus ansin barra iarrainn le húsáid mar luamhán chun é a chamadh suas ceartingearach.

An urlár boltáilte síos go scaoilte ar dtús, ansin bhí na frámaí boltáilte leis, agus ansin d'fháscadh an cnó ar an mbolta mór (tríd an urlár agus an cíle). D'oibrigh sé go galánta!



No comments:

Post a Comment