03 March 2016

03/03/2016 - Boltaí agus 'dumps'

Obair fíor-shuimiúil inniu.
Ag roinnt de na frámaí ní féidir boltaí a chuir isteach toisc go bhfuil siad ró-ghar le bolta eile, mar shampla, nó go bhfuil siad os cionn an seafta, agus araile. Sna cinn siúd ní mór dumps a chuir ann. Tá a dump cosúil le dual (pionna adhmad) nó treenail, ach déanta as cruach in ionad adhmad. Beagáinín cosúil le tairne mhór, is dóigh liom, ach gan ceann air.
Tosnaítear mar a chéile le boltáil,ghearrfar poll le druilire, ach ní théann an poll tríd an slí ar fad agus amach an taobh eile. Bíonn an poll beagáinín níos cúnga ná an pionna. Sa chás seo tá mo bhéalmhír ag 12.03mm ar leithead agus tá an barra cruach ag 12.30mm ar leithead. Oireann sé sin go maith leis an jab.
 Ag baint úsáid as an ndíreog arís chun a bhéalmhír a amharc ag dul isteach go díreach.

Agus an poll gearrtha, thomhaistear an doimhneacht agus ghearrtar an pionna go fad ní ba ghiorra ná sin.

 An pionna réidh le dhul isteach. Ansin buailtear an pionna isteach le casúir mór agus pritil.
Ansin líontar an cuid atá fágtha den poll le dallán.

Tá an pionna seo (19) ag dul isteach ag claon aisteach toisc go mbeidh an seafta ag dul faoi.


An scéal céanna ar u.20.

N'fheadar ar ghearr mé an poll ró-eadomhain, nó ar ghearr mé an pionna ró-fhada, ach beag nár theip orm an ceann seo a bhualadh isteach an slí ar fad. Mhínigh Liam go mbíonn aer sáinnithe ag bun an poll agus ní féidir an pionna a chuir isteach níos mó.



Agus ag an deiridh, u.2 atá in aice le bolta eile tríd an gcnaí tosaigh. Claontar an druilire chun tosaigh (agus an bhéalmhír chun deiridh) ionas nach mbeidh an dá poll in aice a chéile.

Roimh deiridh an poll a ghearradh, mhothaigh mé an bhéalmhír ag dul go taobh amháin. Mar sin stop mé agus chuireas pionna níos giorra ná a bhí in intinn agam isteach.

Bhaineas úsáid as bolta beag damáistithe mar phritil.







No comments:

Post a Comment