19 January 2017

19/01/2017 - Ag fáil fé réir le haghaidh an slat bhoird.

Ar ais sa chlós arís tar éis ceithre sheachtain eischósta agus bhí tuirse orm agus easpa spreagadh agam! Ach chuas chun cúrsaí a phlé le Liam agus threoraigh sé bealach ar aghaidh dom agus leanas leis.

Mhol sé na gunailí a dhéanamh anois, ach do bhí cuid maith ullmhú le déanamh ar dtús.
An chéad rud ná an méid den naprún atá os cionn an lagbhoird a ghearradh siar, comhréidh nó cothrom, le taobh an stuimine.





Ligh beag leis an locar ansin.




Sin réidh, bhí orm deilbh a thógáil le haghaidh an ghunail. Níos fusa le rá ná lé déanamh!


Tá roinnt obair fós le déanamh uirthi, ach sin jab lá eile.

No comments:

Post a Comment