20 January 2017

20/01/2017 - Ag tosnú ar an ngunail.


Do bhí an deilbh curtha le chéile agam inné, ach tar éis é a mharcáil amach, bhí orm na píosaí breise a bhaint de.


An deilbh déanta agam leagas síos ar chlár í chun an cruth a mharcáil amach. Tháinig Liam ar cuairte um an dtaca sin agus dúirt sé liom píosa clár adhmad a chuir idir an peann luaidhe agus an deilbh agus mé ag marcáil amach. Ag an bpointe sin bhíos ag ceapadh go raibh sé sin chun lamháil earráide a fhágáil ar an bpíosa, ach...

Ba mhaith an rud é go raibh cláir deas camtha agam. Níl siad chomh lúbtha 'is ba mhian liom, ach i bhfad ní b'fhearr ná adhmad díreach.
Mar sin féin, mhol Liam an sú-adhmad a úsáid chun níos mó a fháil as na cláir seo. Ghlacas a chomhairle ach bhíos beagáinín míchompordach leis - ba é seo an chéad uair a d'úsáid mé sú-adhmad d'aon turas.

An marcáil déanta, ghearras amach an imeall amuigh leis an sábh ciorclach agus ansin an eang le haghaidh an stuimine leis an bpreabshábh.


Ansin an imeall istigh, 6 orlach ón imeall amuigh. I bhfad ró-leathan ach beidh an-chuid feistiú le déanamh.


Tríd an tiúsóir ansin. Táim ag fágáil an ghunail ag orlach amháin ar tiús.


Tá cuma deas ar sin!
Ó tá!
Ach an-chuid feistiú le déanamh. An chéad rud ná an beibheal ceart a chuir ar an bpíosa i dteagmháil leis an bpost tosaigh (an stuimine).
Beagáinín feistiú agus leibhéaladh fós le déanamh ar an lagbhoird freisin.

Ag dealbhú an cuid tosaigh.


No comments:

Post a Comment