30 January 2017

30/01/2017 - Tubaiste, ach b’fhéidir gurb é lár mo leasa é!


Cad a bhí ag fanacht dom go moch ar maidin ná an cacamas seo.
Bhí sé ró-dhéanach aon rud a dhéanamh fé anois, bheadh orm déileáil leis.
Ní raibh an alt cothrom in aon chor, bhí bearna idir an tslat bhoird agus an lagbhoird.

Bréan ag smaoineamh ar sin, thosnaíos leis an scarbhalt chlébhoird ar dtús.
Bhíos a déanamh an ceirfáil ar dtús, ach arís ní rabhas sásta leis na torthaí, mar sin d'úsáid mé an locar chun na haghaidheanna a fheistiú ag an deiridh.
Agus do bhí sé sin i bhfad ní ba shlachtmhaire.
Amach leis an eapocsach ansin agus theanntaigh mé le chéile iad.

Ar ais chuig an bpraiseach ar an taobh eile agus bhaineas an píosa ina iomlán den bád chun é a chóiriú leis an locar agus an criosghreanóir. Sa phictiúr seo bhíos ag glanadh na prislíní eapocsach de.
Agus é chomh fada agus leis an cuar mhór ann, bhí sé an-ciotach é a iompair agus a bhogadh, agus go tobann theip ar an gliú agus bhris sé ina dhá leath.
Ar dtús bhíos ar buile, ach tar éis nóiméid shocraigh mé síos agus thugas fé deara go raibh tarna seans gan choinne faighte agam é a dhéanamh i gceart.
Leanas ar aghaidh, ag cóiriú leis an locar agus dheineas arís é. Ní raibh sé foirfe, ach ní b'fhearr ná an chéad uair.
An scarbhalt fáiscthe le teanntáin agus an méid go léir scriúáilte síos, leanas ar aghaidh ag cóiriú beagáinín.


Níl aon rud eile le déanamh leis na gunailí go dtí amárach nuair a bheidh an eapocsach cruaidh. Mar sin chas mo smaointí chuig na rungáis íochtair. Chuas amach go dtí an Fionn agus thomhas mé an fad idir bun an ghunail agus barr an rungás ag sampla maith de na frámaí. Bhí an cuid is mó acu timpeall 13½". Mar sin d'aistrigh mé an tomhas sin go dtí na frámaí ar mo bhád.
Ansin shíneas slat caol fada trasna na marcaí siúd agus líneáil mé amach iad.

Ag déanamh líne díreach (nó cóir ar a laghad) as tomhais garbh.

Agus ar an gclébhoird.

Ansin bhí orm bráicín spaighlála (nó spiling batten, is cosúil go bhfuilim ag cumadh mo fhocail féin anois!) nua a dhéanamh toisc go bhfuil gach ceann eile scriosta agam ag déanamh deilbheacha i gcomhar an tslat bhoird.
Sin déanta dheineas an spiling ar na línte scríofa ar na frámaí. Ní rabhas ag súil leis, ach bhí sé beagnach díreach, agus mé ag ceapadh go mbeadh cuar mór ann. Le haghaidh an jab seo bheadh cláir díreach ní ba oiriúnaí.

Sracfhéachaint siar ar obair an lae roimh imeacht.


No comments:

Post a Comment