31 January 2017

31/01/2017 - Saothar in aise!

Bhíos réidh na rungáis a dhéanamh inniu nuair a tháinigeas chuig an bád chlós ar maidin. Beidh gach rungás déanta ina dhá chuid agus beidh bunalt i ngach ceann ar fráma a 9.
Bhaineas an bráicín den clár agus chuireas an slat marcála ann.
Ghearras amach an chéad imeall ansin.

Ansin líneáil mé amach a taobh eile 3 orlach den chéad líne agus ghearras é sin freisin.

Tríd a tiúsóir ar dtús agus ansin roinnt bead plánáil agus cóiriú.

Ansin chasas bun os cionn é agus d'úsáideas mar dheilbh don taobh eile é. Do bhí an t-ádh orm an uair seo, bhíos ábalta é a fháil as an gclár a bhriseas nuair a bhíos ag iarraidh an stráca uachtair a dhéanamh roinnt mhí ó shin.

Ag marcáil amach an beibheal le haghaidh an trasnán.

Ag plánáil an smutach ar an dá imeall.

An tarna ceann réidh le gearradh amach.
Cóiriú.

Ag cuir an smutach ar gach imeall.

Ag gearradh an beibheal.


Tá an tsean-uirlis seo an-áisiúil na himill smutach (imeall corr) a dhéanamh, ach uaireanta bíonn sé deacair le húsáid. Caithfidh mé an ding a bhualadh isteach le máilléad chun an lann a choimeád teann daingean istigh ann. Tá sé an deacair doimhneacht an lann a shocrú go min. Go minic greamaíonn na scamhacháin adhmaid ina scornach agus bíonn orm an lann a baint de chun iad a ghlanadh amach, agus caithfidh mé an máilléad a úsáid chun é sin a dhéanamh freisin. Bhuel, féach ceard a tharla an uair seo agus mé ag déanamh é sin!
Ba mhaith an rud é go rabhas nach mór críochnaithe ag an am.

Ansin bhíos réidh iad a fheistiú. Ach ní rabhas ag súil leis an méid trioblóid agus deacracht is a bhí agam. An chéad rud ná, ní raibh aon áit ann teanntáin a chuir ann chun cabhrú iad a tharrac isteach ina áit. An tarna rud ná nach raibh siad an-solúbtha agus do bhí cuar agus casnóg le chuir ann.
Pé scéal é, ní raibh sé ró-fhad sara chuaigh cúrsaí in olcas.

Craic ag an gcríoch.
Scriúnna tarraingthe tríd an píosa ar fad.




Craic eile anseo agus bearna idir é féin agus an trasnán.
D'fhág mé leath feistithe iad (ag súil go sínfidís amach thar oíche) agus d'imigh mé abhaile dobrónach.

No comments:

Post a Comment