27 January 2017

27/01/2017 - Cúl an tslat bhoird (clébhoird).

Ar dhóigh nó ar dhóigh eile, nuair a bhíos ag caolú na frámaí (nach mór dhá mhí ó shin) dheineas an ceann seo (17 deasbhoird) ró-chaol. Chomhairligh Liam go mbeadh cuma gránna ar an slat bhoird dá mbeadh scolb aisti ansin. Threoraigh sé dom ding a thiomáint isteach idir an fráma agus an rungás chun a cruth ceart a ath-deilbhiú. Rud a dheineas, go mall, cúramach...agus go neirbhíseach!

Ach bhí sé fiú é. Bhí cuar breá cóir fágtha i mo dhiaidh.

Ar ais go dtí an gunail chlébhoird ansin.


Ag deisiú an deilbh.


Ag leagan amach.
Ag gearradh amach.

Ag marcáil an beibheal.


Agus ag gearradh an beibheal.

Luíonn sí go breá.

Ansin leagas an chuid tosaigh anuas ar an chuid deiridh chun líne an scarbhailt a mharcáil síos. Thugas fé deara ansin go mbeadh sé i bhfad ní ba éasca an scarbhalt a dhéanamh dá mbeadh ábhar breise ar an taobh amuigh. Mar atá sé anois beidh sé deacair imeall deas cóir agus cothrom a fhágáil.

Pé scéal é, bhí an líne marcáilte agam.

Ar dtús bhí roinnt den ábhair breise ón taobh istigh a bhaint de.

Ba ansin a d'iarr mé barr mo mhear a bhaint díom leis an bplána chumhachta.


Ba chuma - bhí obair le déanamh.



Sásta leis sin, bhí sé in am an scarbhalt a dhéanamh.

Ach nuair a bhíos á a ghearradh scoilt an t-adhmad, agus ar an taobh mí-cheart, mar bharr ar an donas!


Socródh spota gliú é sin, ach is fuath liom é nuair a deinim botúin dúra ar nós sin.

Agus an gliú ag leasú ar an taobh eile, thosnaíos ag déanamh an scarbhalt ar an taobh deasbhoird.
Mhol Fachtna gan gearradh ar an líne, ach fág an-chuid ábhar breise agus ceirfáil lé chéile iad.

Dheineas é sin, ach d'éirigh sé an-deacair liom. Bhí na píosaí ag bogadh. Bhí an sábh ag greamú. Bhíos ag déanamh dochair le barra an rungás agus an lagbhoird leis an sábh.

Ní rabhas ró-shásta leis an obair ach chinneas go raibh sé ceart go leor agus mheascas suas an gliú eapocsach.An leithscéal agam ná go rabhas tuirseach!
Cúpla nóiméad ar ball thugas fé deara go rabhas déanach chomh maith. Bhí an nuacht ag a 5 ar siúl ar an rédíó agus mé ag ceapadh nach raibh sé ach ag a 4. Bhí an-deifir orm anois.
Leath mé an gliú ar an dá aghaidh agus ghreamaigh mé le chéile iad le cúpla chlampa agus rith amach a doras.

No comments:

Post a Comment