09 February 2017

09/02/2017 - Corcáil agus rian láimhe an bhreall anásta (mise dar ndóigh!).


Leanas ar aghaidh leis an séama clébhoird deireanach inniu.






Ab abú! Taobh amháin críochnaithe.

Thugas fé deara ansin go raibh dromchla an cabhail mí-cothrom ina dhiaidh an corcála.
Níorbh fholáir dom beagáinín plánáil a dhéanamh arís.


.








Bhí gach rud ag dul chun cinn mar ab gnách nuair a tháinig Liam chun an obair a iniúchadh. Tar éis sracfhéachaint d'fhógair sé go gcaithfidh mé an cadás a bhualadh isteach níos mó in áiteanna.
Sin a dúirt sé ach ní shin a chualag istigh i mo cheann.
Istigh i mo cheann ghlacas go gcaithfidh mé a méid go léir a bhualadh isteach níos mó agus níos láidre.
Thógas amach iarann cruála. Tá seo cosúil leis an gnáth iarann cácála ach tá eang ag an mbun agus is féidir an cheann seo a bhualadh i bhfad níos láidre.
Bhí sé deacair, agus thóg sé an-chuid iarracht, ach bhualas an cadás sin isteach sna ceithre shéama ní ba dhoimhne ná a bhí.
Ach cad a bhí ag fanacht liom nuair a bhíos críochnaithe agus d'fhéach isteach sa bhád?
Bhuel tada, seachas gach séama pléasctha isteach. Scealpa i ngach áit. Cadás ag gobadh tríd. Mo shéamaí álainne scriosta. Mo chuid oibre curtha amú.
Bhíos trí chéile ag féachaint orthu ag an am agus táim tinn ag smaoineamh orthu anois.
Cén sórt dúramán atá ionam? Breall lámh láidir anásta, sin an sórt.



















Chuas go dtí Liam chun a chomhairle a fháil. Threoraigh sé a lán dingeacha a fháil/déanamh agus iad a úsáid le bataí agus an rungás chun na scealpa a ghliúáil isteach.
Agus muid ag caint, thosnaíomar ag plé an inneall agus an feadán seafta agus araile. Do thaispeáin Liam catalóg dom ag lónadóir i Sasana a soláthraíonn iad, agus mhol sé baill áirithe freisin.



Agus mé in ísle brí, leanas ar aghaidh leis an t-aon rud a bhíos ábalta a dhéanamh, agus níorbh shin ach ligh beag prímeálach a chuir ar na séamaí.



No comments:

Post a Comment