07 February 2017

07/02/2017 - Ag corcáil.

Lá fada a bhí ann inniu, i ndáiríre. Ní raibh sé leadránach go baileach, ach is obair athchleachtach í seo. Is maith an rud é go bhfuil an raidió agam sa bhothán.

Ar dtús ní mór dom na duail cadáis a scaradh óna chéile. Tá 5 duail sa chorna seo agus tá siad sníofa ina chéile.


Ansin caithfad trí dual a snoí le chéile arís. Úsáidim an druilire chun é sin a dhéanamh.

Ansin leanaim ar aghaidh mar seo, ach níl sé chomh éasca mar a cheapfá a féachaint ar Louis Sauzedde!

Seo é mo iarracht. Ar dtús ag cuir an cadás sa séama.
Agus ansin ag tiomáint abhaile é leis an iarann.
Agus tá an-chuid le déanamh.
Ag an post tosaigh chuas suas.


Agus an cadás as radharc.

An cadás le feiscint sa séama.


Tháinig John isteach agus mhol sé dom na séamaí ag na bunailt a oscailt le siséal seachas an iarann corcála. Dúirt sé go bhfuilid chomh docht sin gur féidir iad a phléascadh. Bhearrfadh an siséal slis bídeach den adhmad agus ní dhéanfadh sé aon dochar don séama. Ansin fhéadfainn an iarann a úsáid ian dhiaidh.





B'in an chéad séama déanta. Trí cinn eile le déanamh ar an taobh seo, fé láthair, agus ceithre cinn ar an taobh eile.









Ag oscailt an snáth.


Agus an tarna cheann déanta.

Sara dheinim an chéad séama eile, ní mór dom cúpla poll fágtha ag cranraí a líonadh. Úsáidim dalláin agus eapocsach.

Cúramach gan aon eapocsach a leogaint isteach sa séama.


Agus ceann eile ar an deasbhoird.


Agus mé ann, thugas an tairne seo fé deara. Is cosúil gur bhuail tairne sa rungás amach é.

Nuair a bhí roinnt eapocsach masctha agam dheisigh mé cúpla scoilt beag sa rungás.

Na dalláin taobh istigh.





No comments:

Post a Comment