13 February 2017

13/02/2017 - Deiridh an saoire seo.

Bhuel. Na dingeacha bainte de, seo mo shéamaí anois.
N'fheadar conas a bheidís ag an deiridh. Tá an-chuid greanáil le déanamh agam orthu fós. Bhí an méid go léir chomh inseachanta, bím chomh feargach nuair a smaoiním air.
Ach ní réiteoidh mo chuid fearg aon rud. Caithfead leanúint ar aghaidh le dóchas go mbeidh gach rud ceart go leor ag an ndeiridh.






Ní rabhas ach díreach tar éis na séamaí a iniúchadh nuair a bhuail mo ghuthán. Josh Mortimer a bhí ann agus bhí sé réidh maide Dhúghlais a ghearradh dom.
Bhí fear (darbh ainm Will) tagtha go dtí clós Josh le muileann sábhadóireachta iniompartha.








Agus seo d'fhuaireas as an maide sin. Seacht gclár atá beagáinín caol agus roinnt maith cranraí iontu. Níl siad foirfe, ach tá súil agam go bhful mo dhóthain adhmad agam anois an plancáil a chríochnú.
Tá súil agam freisin go thriomóidís go tapaigh os chomhar an tí, fén ghrian agus sa ghaoth.

Ar ais ag an clós, thug an banríon cuairt orm chun a faomhadh nó a diúltú a thabhairt.


Ina dhiaidh sin bhí obair fós le déanamh. Thosnaíos an puinseáil a dhéanamh ar na tairní sna rungáis.
Bhí orm an tairne seo a athrú toisc gur tháinig sé amach arís nuair a bhualas an tairne eile atá ina aghaidh isteach ón taobh amuigh.
Dheineas pionna adhmad darach le bualadh isteach sa pholl a bhí fágtha agus chuireas tairne eile isteach in aice leis.



Ansin d'iarr mé an bearna sin a líonadh le slisín adhmad, agus eapocsach dar ndóigh!

Agus sin é. Críochnaithe arís le haghaidh ceithre sheachtain. Bead ar ais ag obair amárach.
Bhíos ag súil go mbeadh i bhfad níos mó dul chun cinn agam an saoire seo. Ní raibh aon cúrsaí oiliúna nó turais go Baile Átha Cliath nó aon rud mar sin. Bhí an bád mar post lán aimseartha agam, ach fós ní raibh ach 18 agam ina iomlán. Ní bíonn ach 26 lá sa saoire. Tagaim abhaile ar an gCéadaoin. Téim go dtí an clós an Déardaoin agus an Aoine sin. Sin dhá lá. Ansin bíonn trí sheachtain lán agam, sin 15 lá. Agus ansin sa seachtain deireanach téim go dtí an clós ar an Luan agus imím ar an Mairt. Sin é, 18 lá ina iomlán.
Bhí súil agam go mbeadh an bhád réidh le dhul ar an uisce sa samhraidh seo (le inneall ach gan an rigín agus seolta agus araile), ach ag féachaint ar aghaidh anois, níos lú ná 40 lá oibre fágtha agam roimh an tsamhraidh. Tá an-chuid le déanamh agam roimhe sin. Tá 10 stráca le déanamh. Tógann gach ceann nach mór dhá lá. Ansin iad a chorcáil. Greanadh, lasmuigh agus laistigh. An uchtán, na cnaíocha, an post deiridh, tochtaí, urláir, gan focal a rá fén gcóifrín sa thosach. Péinteáil.
In ainneoin mo dhóchas, tá an cuma ar an scéal ag an bpointe seo nach mbeidh an bád seo ag dul áit ar bith sa samhraidh seo.








No comments:

Post a Comment