10 February 2017

10/02/2017 - Eapocsach agus puití.

Seo é mo iarracht am a chasadh siar agus mo bhotúin a leigheas.

Chuireas eapocsach ar na scoilteanna chomh fada agus ab fhéidir liom agus ansin bhualas dingeacha isteach fén rungás ag iarraidh na bearnaí a dhúnadh.
Bhí baol ann freisin go phléascfainn an rungás nó b'fhéidir na strácaí amach, ach ar a laghad níor tharla sé sin.


Níl lé déanamh anois agam ach fanacht leis eapocsach a chruaigh, agus chífad ansin conas ar éirigh liom.

Agus mé ag fanacht, leanas ar aghaidh leis an puití luaidhe dhearg a chuir isteach sna séamaí.
Is ea triplumbic tetroxide é luaidhe dhearg (Pb3O4). Is féidir é a cheannach mar phúdar agus ansin é a mheascadh suas le gnáth puití ola rois chun an puití speisialta seo a dhéanamh, ach cheannaíos féin é ullmhaithe cheanna féin.
Tá an stuif nimhneach seo ina úsáid i longa agus báid leis na cianta. Ní mór dom a bheith cúramach gan é a leogaint isteach i mo bhéal nó mo shúile nó mar sin. Ag an am céanna caithfidh mé an méid is mó a chuir isteach sna séamaí agus is féidir liom.
Déarfainn go mbeadh sé ní ba éasca muna raibh an aimsir chomh fuar.
Bhí an t-ádh orm gur thug Fachtna cuairt orm nuair a bhíos ag tosnú. Chonaic sé go díreach go raibh mé ag déanamh go mícheart é. Bhí orm i bhfad ní ba mhó a chuir ann agus ní ba mhó a fhágáil ar an ndromchla. Chomh maith le sin do bhí an uirlis mícheart agam. Ba choir dom scian puití a úsáid, ach ní raibh ach scríobaire agam.

Agus féach cad a tharla leis. Bríste ina dhá leath. Ba mhaith an rud é go rabhas ábalta sean-scríobaire a aimsiú sa chlós chun an obair a chríochnú.

Agus seo mar a bhí sí ag deiridh an lae.
















No comments:

Post a Comment