09 February 2017

08/02/2017 - Corcáil, corcáil, corcáil.


Do bhí an eapocsach cruaite ceart go leor ar maidin, agus ghearras siar an ábhar breise óna dalláin. Ní raibh siad foirfe, ach táid cuíosach maith.

Agus ina dhiaidh sin, ar ais leis an corcáil. An scéal céanna arís - ar dtús ní mór dom an séama a oscailt.


Ansin dheineas séama an bunalt.

Agus ansin chuireas an cadás.

Agus ansin thiomáineas isteach é.

Agus leanann sé ar aghaidh mar sin a lá ar fad.





Agus sin séama eile críochnaithe.

Ach tá a lán fós le déanamh.



No comments:

Post a Comment