03 March 2018

03/03/2018 - An ceap treo.

Dhá lá sa bhaile ag féachaint amach ar an aimsir agus bhíos ag eirí an-chorrthónach. Chuas amach le dúshlán na síne a thabhairt, agus síos go dtí an clós liom, fiú amháin ar maidin Dé Sathairn. Ní raibh duine ná deoraí eile ann.

Na chéad céim eile leis na bíomaí rungála ná slat a suífidh na garmaí agus cuid den urlár air.
Dob fhéidir liom an dealbh céanna a úsáid arís toisc go mbeidh an píosa nach mór a cruth céanna ná barr an píosa roimhe seo.


Agus anois caithfead iad a bholtáil le chéile.



Ag bádh na cnónna.


Ag fágaint an píosa sin go leataobh ar feadh tamall (agus an prímeálach ag triomú) chuas ar ais go dtí na leapacha innill. Tá an leapa ar dheis agus an lámhchrann ag teacht salach ar a chéile agus mar sin ní mhór dom scolb a ghearradh amach.



Fén am sin bhí an péint sách tirim leanúint ar aghaidh leis an urlár.

Anseo táim ag cuir scarthóir ann.
Agus ansin thugas fé ndeara go raibh scolb eile ag teastáil in san gharma rungála.
Agus scarthóir eile.

Ansin thosnaíos ar an gceap treo. Beidh an chéad gharma rungála eile ina luí air, agus mar sin ní foláir dom é seo a dhéanamh ar dtús.
Níl ann ach dronuilleog adhmad, ach cosúil le gach rud eile chaithfidh sé a bheith feistithe i gceart le gach ball a bhaineann sé leis.

Tá go maith, ach mar is gnáthach le píosaí móra darach, chomh luath is a thosnaíonn tú ag obair leis osclaíonn sé amach le scoilteanna móra uafásacha.
Chuireas daba beag eapocsach isteach sa scoilt mar dhúil nach osclóidh sé níos mó.

No comments:

Post a Comment