09 March 2018

09/03/2018 - Tús an urláir

Thosnaíos ar an tarna bhata rungála ar maidin.
Bhíos ag smaoineamh air thar oíche agus bhí idéanna agam conas an ceann seo a dhéanamh níos fuiriste agus níos cruinne.
Ar dtús, cosúil le inné thógas an spiling agus ghearras an bun-cruth amach. Ansin scriúáil mé isteach go sealadach é. Ansin dheineas an-chuid gearrthacha cothrománach, síos go dtí an imeall in aice na frámaí. Ansin bhaineas an bata de.
Ansin phlánáil mé síos go dtí an imeall sin, comhthreomhar leis na gearrthacha siúd.
Chuireas líne dúch ag an mbun ag an imeall céanna le go mbead a fhios agam go rabhas ag dul ró-fhada. Le bheith foirfe, d'imeodh rian na gearrthacha as radharc agus bheadh an dúch le feiscint ag an am céanna agus insan sliseog céanna as an locar.
Sin déanta, chuireas an bata isteach arís, agus bhí sé nach mór foirfe. Ní raibh ach beagáinín cóiriú le déanamh.

Sin iad na garmna rungála críochnaithe, tá sé in am anois tús a chuir leis an urlár ceart.
Táim ag tosnú ag deiridh an báid, ba mhaith liom cófra beag a bheith ann. os cionn an feadán. Da bhrí sin caithfead píosa urlár an-chasta a dhéanamh. Tógfaidh sé seo tamall.
Thosnaíos le dealbh.
Ansin d'aistríos an dealbh go dtí clár adhmaid.

Ansin shocraíos an beibheal ar an sábh agus ghearras amach an cruth.
Ach nuair a thógas an píosa go dtí an bád thugas fé ndeara go raibh an dealbh bun os cionn ar an adhmad. Bhíos ag iarraidh an taobh ar chlé a ghearradh amach ach anois, mar gheall ar na beibhil, bhí orm an píosa seo a úsáid ar an deasbhoird - agus bhí an-chuid feistiú de díth.
Ach ag an deiridh shuigh sé isteach. Tá tuilleadh feistiú le déanamh amárach áfach.

No comments:

Post a Comment