12 March 2018

12/03/2018 - Lá na feirige

An chéad rud le déanamh ar maidin ná an píosa urlár le chríochnú. Tá rabóid beag le déanamh ar a shuíonn sé ar na frámaí.
Táim beagán buartha fén méaróg ar an bpíosa seo - níl sé ach ceangailte le píosa adhmaid beag agus caol tar éis an rabóid a ghearradh amach.
 
Ach ar a laghad tánn sé ag suí isteach go deas anois.

Ansin thosnaíos ar an taobh eile. An uair seo ní dheineas dearúd an dealbh a chasadh thart. Caithfead é seo a dhéanamh toisc go ndearnas an dealbh ag an áit a mbeidh bun an píosa ag suí, mar sin is cruth bun an píosa atá ann.
Agus na beibhil gearrtha mar bhun an píosa freisin.
An uair seo shuigh sé isteach i bhfad níos fuiriste. Ansin mharcáil mé amach na rabóidí freisin.
Agus ghearras amach iad. An scéal céanna anseo leis an méaróg.

Ansin thosnaíos leis na gnáth cláir urláir. Tá siad seo déanta as gnáth déil bhán as an ceannaí earraí tógála Barry's sa Sciobairín.

Ní raibh a lán ama fágtha agam, cé lé daoine ag glaoch orm ar an bhfón agus araile ach pé scéal é bhíos sásta leis an dul chun cinn an lae.
Ach ar an slí amach, nuair a bhíos ag iarraidh an cábla sínteach a phlugáil amach, bhualas i gcoinne an bairille agus thit an dá phíosa casta siúd ar an urlár. Cad eile a bheadh ann ach na méaróga a bhíos buartha fúthu briste anois. Bhuel, níor mhair siadsan ró fhad! 
Bhíos ar buile, ach socróidh mé amárach iad. Níl an tarna rogha agam.









No comments:

Post a Comment