06 March 2018

06/03/2018 - Na biomaí rungála tosaigh.

Tá mo aird dírithe ar tosach an báid anois.
An chéad rud inniu ná dealbh beag a dhéanamh le haghaidh an píosa tacaíochta ag fráma a trí. Os comhar fráma a trí beidh an cófra ann.
Táim buartha nach mbeidh mo dhóthain adhmad fágtha agam ach ar a laghad bhíos ábalta  an píosa seo a fháil as gearrthóg beag darach.
Shuigh sé isteach go foirfe an chéad uair.
Cóta prímeálach agus ansin cúpla tairne lena choimeád ann.

Ag úsáid an píosa sin mar mharc airde, d'úsáideas na leachtleibhéil aird  na bíomaí rungála a fháil.



Ina dhiaidh sin dheineas deilbh astú.
Agus ghearras amach iad.


Ansin an píosa tacaíochta a chuir leis.
Agus an chéad ceann eile.
Maith go leor, ach caithfead a rá go ceapann Liam go bhfuilim ag dul ar an jab seo go mícheart. Níl a fhios aige cén fáth go bhfuilim chomh tiomanta go mbeidh an urlár cothrom sa díriú fad loinge chomh maith leis an díriú ó thaobh taobh.
Níl freagra iomlán agam dó. Ní féidir liom a rá cén fáth seachas nach mbeidh an cuma ceart air aon chaoi eile. Tá seans ann nach mbeidh ár ndóthain spás ann sa deiridh dá bhrí sin. B'fhéidir go mbeidh na taftaí ró íseal ag an deiridh, toisc go bhfuil an urlár ró-ard. Níl a fhios agam, tá súil agam go mbeidh gach rud ceart go leor ag an deiridh. Pé scéal é, beidh a fhios agam go luath.

No comments:

Post a Comment