05 March 2018

05/03/2018 - An ceap treo 7 an bíoma rungála lárnach.

Thug Liam cuairt eile orm go moch ar maidin. Ceapann sé go bhfuil an ceap treo mór go leor agus bhí sé fiosrach ar an suíomh de freisin. De réir na pleananna bíonn an ceap treo ar frámaí 8, 9 agus 10, ach bhí sé ar 7, 8 agus 9 agam. Bhíos ar buile nuair a thugas é seo fé deara. Bhí sin ar eolas agam agus scríobhas na huimhreacha ar na frámaí fiú ionas nach ndéanfad aon botún, ach mar sin féin tá an botún áirithe sin déanta agam. Grrr!
Thriaileas é a chuir insan áit ceart, agus d'oibrigh sé, beag nú mór, ach bheadh níos mó feistiú de díth. Ach nuair a d'fhéachamair air le chéile, cheapamair beirt go mbeadh sé go breá in san áit sin, agus leanas ar aghaidh gan níos mó agó.

An chéad rud eile ná moirtís a ghearradh amach.


Ansin bhí sé réidh le tairneáil síos.

Ansin bhíos ábalta an chéad garma rungála eile a thomhais.


Píosa eile le chuir leis an mbíoma rungála.




Sin é anois é.
Agus an chreidfeá go bhfuil mo dhóthain iorócó fágtha agam le haghaidh na píosaí eile...ar éígin!
Agus ar deiridh, tairneálaim an bíoma isteach.

No comments:

Post a Comment