19 March 2019

19/03/2019 - An barra transaim


Ar ais abhaile ón obair, leagas isteach ag mo obair eile go díreach.
Nuair a d'imíos an uair deireanach bhí an dealbh den barra transam déanta agam. Anois thosnaíos ag lúbadh an barra, ag déanamh mo dhícheall an cruth céanna a dhéanamh.



D'éirigh liom, beag nú mór, ach níl sé an-chóir, agus níl sé foirfe siméadrach ach an oiread.

Ina dhiaidh sin, síos go dtí an clós liom. An chéad céim eile ná eanga a ghearradh amas as chun na cnónna a ghlacadh.

Agus ansin thosnaíos an táthú.


Tá feabhas beag tagtha ar mo chuid táthú , mar gheall ar mo tháthaire nua dar ndóigh, ach fós níl sé blasta ar aon chor.

Ach cé ná fuil sé galánta, oibreoidh sé ceart go leor. Bhuel - tá súil agam go n-oibreoidh sé!
Thóg sé beagáinín iomrascáil leis chun na boltaí a chuir tríd, ach d'éirigh liom ag an deiridh.

No comments:

Post a Comment