28 March 2019

28/03/2019 - Ag ullmhú le haghaidh an crann


Lá breá gréine a bhí ann agus thapaigh mé an deis na frídeora a phéinteáil leis an Sikkens.

Chuireas píosa ar an gcrann agus an gheaifil i spotaí áirithe freisin.

Ansin thosnaíos ar jab a bhíos buartha fé le tamall anuas - an bearna a ghearradh sa tafta le haghaidh an crann.
An chéad céim ná lárlíne a scríobhadh. Tar éis cúpla iarracht mícheart, shíneas sreangán idir an stuimine agus an post deiridh agus fuaireas an líne ceart ansin.
Ansin, thomhas mé 65mm ar gach taobh den líne - is é sin 120mm le haghaidh an crann féin agus 5mm mórthimpeall le haghaidh an leathar cosanta.


Tar éis an gearradh bhí beagán coiriú de díth.
Ansin thosnaíos ag déanamh dealbh le haghaidh an leathar.




Sin déanta, d'fhilleas ar ais go dtí an comáil.
Nuair a bhíos sa bhád thomhas mé an fad idir an crann agus an stuimine agus ard an stuimine i gcomparáid leis an gcrann. Le cabhair ó mo shean-chara Píotágarás arís, bhíos in ann fad an stagh tosaigh a áireamh.
Tá mo chuid comáil ag neartú i gcónaí, ach ní déarfainn fós mar a bheadh sé as broinn liom!



Go deas!


Sin déanta, chuireas cóta eile ar na frídeora agus d'imíos abhaile.




No comments:

Post a Comment