29 March 2019

29/03/2019 - Rigín reatha

Agus mé ag ite mo bhricist ar maidin d'aistríos an patrún go dtí an leathar.

Agus ag an gclós, ghearras amach é le scian Stanley.

Agus píosa amháin eile le dhul timpeall an crann ag an stagh tosaigh.

Agus an leathar ar maos sa bhuicéad, thosnaíos ag obair ar an rigín reatha.
An chéad rud le déanamh ná 'grommet'.
Cé go bhfuil sé deacair uaireanta téarmaí a aimsiú le haghaidh codanna bád agus uirlisí agus nósanna oibre agus araile, is cosúil go bhfuil raidhse téarmaí ann le haghaidh 'grommet'.
Tá 'súil dhualach' ag tearma.ie.
Tá 'réabán' ag Ó Dónaill, ach leis an cuir síos atá aige, b'fhéidir go bhfuil 'cringle' i gceist aige.
Tá 'fáinne téadán' agus 'fáinne cnáibe' ag De Bhaldraithe.

Is maith liom súil dhualach - b'fhéidir ná fuil téarma traditiúnta ann, ach is maith liom é, agus bainfead úsáid as as seo amach.

Is é seo conas súil dhualach a dhéanamh. Dheineas cuid maith acu thar na blianta, ach an gnáth fadhb a bíonn agam ná tagann caisirnín ann uaireanta.


Dob é seo mo iarracht inniu:





Bhí sé ceart go leor, ach beagáinín tiubh agus garbh.
Agus mé ag scríobh an post seo anois, táim tar éis an ceardaíocht seo a fheiscint ar líne. Déanfad é seo an chéad uair eile.


Ach pé scéal é, leanas ar aghaidh ag feistiú na frídeoirí.




Bíonn an comáil i bhfad níos éasca le téad snáithín.

Sin an háilléir déanta.

Ansin d'fhilleas ar ais ar an stagh tosaigh.
Ní raibh an píosa leathar seo gearrtha i gceart.
Réidh le comáil amárach.
D'fheistíos an leathar timpeall an crann ansin.


Is é seo an gearrthóg ó bharr an crann. Suíonn sé isteach go deas compordach sa bearna - preit!

No comments:

Post a Comment