20 March 2019

20/03/2019 - Obair leathar


Do bhí orm na boltaí siúd a thógaint amach arís ar maidin ionas gur féidir liom iad a ghearradh agus an cnónna cruinn a chuir ortha.

Do bhí mo cheacht foghlamtha agam inné agus níor thógas ach ceann amháin amach ag an am.






Sin déanta ag an deiridh, chasas go dtí rudaí go hiomlán difriúil - an crann, an gheaifil agus an rigín seasta.
An chéad rud le déanamh ná leathar cosanta a chuir ar na adharca an gheaifil. Ach chuireas cóta Sikkens HLS ar an ngeaifil ar dtús.
Ansin thosnaíos ag déanamh dealbh, nú patrún, le haghaidh an leathar.
Níor dheineas oibre leathair riamh, ach tá chuid de feicthe agam san aimsir chaite.




Bhí an-chuid pleidhcíocht ann, ach ag an deiridh bhí dealbh réasúnta maith agam.


Ansin d'aistríos an dealbh go dtí an leathar. Mo mhíle buíochas le Simon Harding ag River Lee Leather Goods as an leathar álainn seo a dhíol dom. Craiceann tarbh atá ann agus nach mór 5 milliméadar ar thiús. Tánn boladh álainn as an leathar agus is breá liom obair leis.

B'iad na siséil na urlísí amháin sách géar an leathar seo a ghearradh glán.
Ach fuaireas amach láithreach  nár ghearras dóthain gar leis an líne, toisc go raibh an píosa i bhfad ró-mhór.
Ach tar éis é a ghearradh ar an athuair, d'éirigh i bhfad ní ba fhearr liom.



Agus b'in é inniu é.

No comments:

Post a Comment