21 March 2019

21/03/2019 - Spladhsáil sreinge

Chaithfidh mé admháil nárbh é seo an chéad uair ar spladhsáil mé sreang riamh. Um 1996 d'fhoghlaim mé spladhsáil sreinge ag coláiste agus mé ag déanamh mo teastas EDH agus b'é an léachtóir cáiliúla Viv Gough a mhuin dúinn é.
Ach tá breis is fiche bliain imithe thart idir an dá linn agus níor bhraitheas breá muiníneach as mo chuid scileanna leis.

Ach táim ag léimt rófhada chun tosaigh sa scéal.

An chéad rud a bhí le déanamh ná leathar a chuir timpeall an rópa sreinge chun an t-adhmad a chosaint uaidh.
D'úsáideas leathar eile leis an jab seo a dhéanamh. Bhí sé beag nú mór 3 milliméadar ar tiús.
Ní rabhas ábalta mo mheana a aimsiú agus dá bhrí sin bhí orm na poill a dhéanamh sa leathar le tairne.

Ansin d'fhilleas an sreang leis an leathar agus d'fháisceas é le iall.
Ansin bhíos réidh leis an spladhsáil. Bhíos ag iarraidh an réise geaifil a dhéanamh ar dtús.
Bhí sé soiléir láithreach go mbeadh sé thar a bheith deacair an sreang a chóiméad in aon áit amháin gan bís. Thugas fé deara go mbéinn i bhfad níos fearr an réise a dhéanamh ar dtús, é a chuir timpeall an gheaifil agus ansin na dingeacha a chuir ann. Ach bhí sé i bhfad ródhéanach leis an gcríonnacht sin.

Gan bís agus gan lispin agus gan mairlínspíce bhíos ag streachailt.
Dheineas spíce as raicín briste a bhí agam, ach bhí sí ró-thiubh agus deacair obair léi.


De réir a chéile, tháinig sé le chéile.

Spladhas gránna atá ann, ach spladhas pé scéal é. B'é seo mo chéad ceann - ní féidir ach a bheith níos fearr ina dhiaidh an ceann seo.
Beagáinín oibre leathair eile agus bhíos réidh leis an tarna ceann a thosnú.

Dheineas mairlínspíce bunúsach eile as píosa cruach dhosmálta a d'aimsíos ar an talamh agus d'éirigh ní ba fhearr liom leis.

Spladhas uafásach gránna atá ann, ach beidh sé ceart go leor.

No comments:

Post a Comment