11 April 2019

11/04/2019 - An caidéal ruma feistaithe arís

Ar ais aige go moch maidin inniu.
Bhí fáithim agus dúblóir le chuir ocht scoilt. Bhíos ábalta nach mór leath an méid a dhéanamh leis an inneall fuála, ach bhí orm an méid eile le déanamh de lamh agus leis an meall.



Obair mall a bhí ann, ach ag an deiridh bhí siad déanta agam.

Go déanach sa tráthnóna d'fhilleas ar ais go dtí clós.
Bhí clabhsúr ag teastáil uaim le jab amháin leath déanta agam - an caidéal ruma.
D'fheistigh mé an caidéal agus dheineas poll oiriúnach san urlár lean úsáid.

Ansin chlúdaíos an bád arís - ag fáil réidh imeacht thar sáile arís.
Níl an clúdach cruthaithe go foirfe, ach déanfaidh sé an jab ceart go leor.


No comments:

Post a Comment