05 December 2016

05/12/2016 - Ag cóiriú na frámaí ar an gcléboird.

Ar ais ag cóiriú na frámaí arís inniu, ach ar an taobh clébhoird anois. Táim níos oilte leis anois agus bhaineas ní ba mhó úsáid as an locar leictreach, agus mar gheall ar sin ní raibh sé chomh deacair is a bhí ar an taobh eile.











Chaithfidh mé admháil go bhfuil an-cosúlacht (méid agus cruth) idir na simí agus na píosaí atáim ag baint den taobh istigh.
Nuair a bhíos ag cóiriú na frámaí ar an taobh amuigh, chuireas an ceist ar Liam, an bhfuil aon boilsc ar na báid seo, ach níor mhol sé dom ach, sín an slat amach go teann agus lean ar aghaidh. Sin a rinne mé, ach anois táim ag ceapadh b'fhéidir gur cur amú ama a bhí ann.




No comments:

Post a Comment