16 December 2016

16/12/2016 - Smutáin.

Ar ais arís tar éis leath-seachtain caite amú ag déanamh cúrsa oiliúna gan ciall, an chéad rud a bhí le déanamh an lá sin ná an dúblóir a fheistiú i gceart. Bhí an eapocsach leasaithe maith go leo agus mar sin do laghdaigh mé an cuid is mó den ábhar breise leis an locar leictreach . Ina dhiaidh sin chríochnaigh mé an obair mín leis an gnáth plána.





Ansin chas mé chuig na smutáin, nó blocáin atá le dul isteach idir na strácaí uachtar agus na rungáis uachtar in áiteanna áirithe.
Le breis is bliain anuas bhí na gearrthóga darach móra ag triomú i mo cheardlann/bhothán sa bhaile agus tá siad breá tirim anois. Oireann siad go mór leis an bhfeidhm seo.

Lá amháin bhí an píosa seo chun a bheith mar cnaí tosaigh!


Ag úsáid an fiarbhacart chun an beibheal a shocrú ar an gcrios-sábh.
Bhí orm é a dhéanamh arís toisc gur dheineas praiseach den chéad ceann.
Thóg sé an-chuid feistiú ach d'éirigh liom ar an dtarna dul síos.
Tá an dair tirim seo thar a bheith crua agus láidir agus tá sé deacair obair leis.
Ag déanamh deilbh i gcomhar an chéad ceann eile.
Agus an oibriú céanna arís.



An dá ceann in aice a chéile déanta, bhíos ábalta an fráma eatarthu a sciotadh.

B'in é an lá sin, gan a lán le feiscint tar éis an-chuid saothar, ach is é sin an saor-bádóireacht.


No comments:

Post a Comment