03 December 2016

02/12/2016 - Ag leanúint ar aghaidh leis na rungáis uachtaire nó na 'inwales'.

Ag glacadh leis go bhfuil an líne lagbhoird mar a chéile ar an dá thaobh den bhád, b'fhéidir liom an píosa a dheineas inné a úsáid mar theimpléid nó deilbh i gcomhar an taobh eile. Shábháil sé seo an-chuid ama.

Ag líneáil amach agus ag gearradh amach.

Is cosúil go raibh cuid maith struis laistigh sa chlár sin, scoilt sé gus mé beagnach críochnaithe leis an gcéad ghearradh.


Seo iad na fuíollghearrthóga as an bpíosa sin. Ba chóir go mbeidís ag luí ina chéile go foirfe, ach níl siad. Sin an méid a dhírigh an píosa é féin nuair a scoiltear an struis ón gclár.
Botún eile. Scríobas an clár glan nua a raibh an ceann seo ina luí air.

Pé scéal é, leanas ar aghaidh leis an spiling ar son an cuid deireanach den rungás.

Ag ullmhú an beibheal.


Tá cúpla chranra in aice a chéile i lár an píosa seo. Chabhraigh Liam liom é a chuir ina áit. Ar dtús ghreamaigh mé bráicín ar chúl an rungás agus ansin shíneamar isteach go mall, cúramach é. De réir a chéile d'fháisc Liam ar na teanntáin agus chuaigh sé isteach gan craic ná scoilt na fabht.




Sin déanta, leanas ar aghaidh leis an cruthú agus feistiú ar an bpíosa deireanach den rungás.
Agus é cruthaithe chomh maith agus ab fhéidir liom, arís d'úsáid mé an ceann seo mar dheilbh i gcomhar an taobh eile.

É sin gearrtha amach, d'fháisceas suas ar an stráca uachtar é le go sínfidh sé agus go tógfaidh sé an cruth cam go deas.



 Ar ais chuig an taobh deasbhoird ansin agus beagáinín cruthú agus feistiú.


Agus suas ar an taobh istigh leis le síneadh chomh maith.



An áit ina bpraiseach i mo dhiaidh inniu.


No comments:

Post a Comment