06 December 2016

06/12/2016 - Na rungáis ag cuir as dom!


Ar ais ag an gclós inniu agus táim ag cóiriú na píosaí eile de na rungáis agus ag ullmhú lena chuir le chéile



An dá uillinn tomhaiste agus líneáilte leis na fiarbhacairt.

Tá scoilt ag deiridh an píosa seo, ac tá fad breise agam agus tá súil agam go mbead ábalta an méid go léir a bhaint de.

Nach mór réidh dul in aice an trasnán, níl ach ligh beag prímeálach de díth.
Ina áit anois.
An dá phíosa fáiscthe ina áit leis na teanntáin.
Ag marcáil amach le haghaidh an scarbhailt, trasna trí fhráma.

An chéad dul thart leis an sábh ciorclach agus chuas thar fóir!


Ach níl sé chomh donna, beidh sé ceart go leor.
Seo é gearrtha tríd ar fad agus leagtha ar an bpíosa eile chun é a mharcáil.

Má bhíos cúramach, ba chóir go mbeidís mar íomhá scáthánach ag an deiridh.
An taobh eile gearrtha.

Bhuel, níl siad mar íomhá scáthánach ar chor ar bith! Tá an-chuid ceirfáil le déanamh.

Fáiscthe le chéile leis na teanntáin, táim ag úsáid an sábh chun iad a fheistiú in aghaidh chéile - sin ceirfáil, agus ní dhearna mé le tamall é.
Ba é an am seo a thugas fé deara gur botún a bhí ann an cruth cruinn a chuir ar an imeall. Bhí na crampaí de shíor ag sleamhnú den clár, agus a cuir as go mór dom!
Ba cheart an scarbhalt a dhéanamh ar dtús agus an cruthú agus feistiú deireanach a dhéanamh ina dhiaidh.

Arís agus arís eile, ag gearradh tríd, agus de réir a chéile tagann an dá aghaidh le chéile.

Go déanach sa tráthnóna bhogas an dá phíosa go leataobh sa bhothán agus mheasc mé suas an eapocsach. Chlúdaigh mé an dá aghaidh leis an gliú agus d'fháisceas le chéile iad. Chuireas an-chuid teanntáin air agus d'imigh abhaile i gcomhar dinnéar déanach.



No comments:

Post a Comment