07 December 2016

07/12/2016 - Ag déanamh an scarbhalt sa tarna cheann agus ag feistiú an chéad ceann.


Ar ais maidin inniu agus ar a laghad bhí an eapocsach leasaithe. Chrochas an rungás nua suas le triomú cúpla uair a chloig eile agus thosnaíos ar a chéad scarbhalt eile.

Seo é marcáilte amach.
Leath gearrtha.

Ag úsáid an chéad leath chun an tarna leath a mharcáil amach.

Ceirfáil arís.

Ag teacht le chéile go maith. Bhí an ceann seo gearrtha ní ba fhearr ná an ceann roimhe seo, dá bhrí sin ní raibh an méid céanna ceirfáil le déanamh.


Bhíos réidh anois an dá phíosa a chuir le chéile, ach ní raibh an spás agam, bhí orm an chéad ceanna chríochnú ar dtús.
Nuair a bhaineas na crampaí deireanacha de, bhí cuma salach agus garbh air, ach réitigh an criosghreanóir an fhadhb sin.




Is cosúil nár chuireas dóthain eapocsach sa scarbhalt mar bhí poill beaga istigh ann. Ní mó ná sásta a bhí mé toisc go féidir le uisce dul isteach ann agus an acomhal a scriosadh.
Thriail mé as é a líonadh le gnáth gliú, ach níor éirigh ró-mhaith liom.
Chomh maith le sin, bhí an scarbhalt beagáinín mí-chothrom, ach réitigh an locar é sin.



Tá sé réidh anois le feistiú agus as mo shlí.

Ba mhaith liom an gliú a chuir ar an gceann eile chomh luath agus ab fhéidir. Tógann sé 24 uair a chloig le chruaigh ina iomlán, ach is féidir obair leis tar éis 12 uair a chloig, agus ba mhaith liom tosnú ar go díreach maidin amárach.

Beidh sé go breá ag leasú anseo thar oíche.

Sin déanta, chrochas féin agus Liam an chéad ceann suas ina áit ar an taobh deasbhoird.
Chuireamar in aice na línte ar na frámaí é chomh cruinn agus ab fhéidir linn agus thosnaíos an tairneáil ó tosach an báid siar.
Seo an fáth go théann an scarbhalt thar trí fráma.
An leath tosaigh déanta bhí beagáinín ceirfáil le déanamh ag an gcríoch chun é a fheistiú isteach in aghaidh an trasnán i gceart. Ansin bhíos in ann na cinn a bhí fágtha a thairneáil.

Bhíos breá sásta leis an méid dul chun cinn a bhí agam inniu.


No comments:

Post a Comment