08 December 2016

08/12/2016 - Diabhal lá


Chruaigh an eapocsach go maith thar oíche, agus anois níorbh mór dom é a ghlanadh suas.


Agus bhí an criosghreanóir in ann chuig an obair.




Ach arís bhí roinnt beag cóiriú le déanamh leis an locar.




Thógas sos as an rungás ansin ar feadh tamall agus thosnaíos ag sciotadh barr na frámaí ar an taobh deasbhoird, tasc a thaitin go mór liom.


Nach cuireann sé sin dealramh difriúil ar an scéal?



Fén am sin bhíos sásta go raibh an eapocsach sách láidir ar an taobh eile go raibh sé réidh le feistiú.
Ar dtús bhí rudaí ag éirí go maith liom, ag obair i m'aonar, agus bhí sé beagnach insan áit ceart. Ní raibh fágtha ach cúpla mionbhuillí nuair a chualag craic uafásach.




Do thaispeáin mé do Liam é agus d'ordaigh sé dom leanúint ar aghaidh, socróimis ar ball é.

Níorbh ann ach an chéad botún sa lá.
D'fheistigh mé an críoch tosaigh ar dtús le gearradh ceirfála amháin, maith go leor, ach níor thugas fé deara nach raibh an scarbhalt suite i gceart thar na trí fhráma. Ba chóir dom cúpla orlach, ar a laghad a bhaint den chríoch tosaigh sara d'fheistigh mé an críoch deiridh.
Agus bhí a lán ábhar breise ag an gcríoch deiridh de dheascaibh sin. Thosnaíos an ceirfáil, ag gearradh, is a gearradh. Bhí an áit an-ciotach le obair ann, bhí mé déanach dul abhaile i gcomhar lá breithe Joanne agus bhí tuirse agus ocras orm. Bhíos ag éirí cantalach is ag déanamh botúin, ag gearradh isteach sa trasnán, mar shampla.

Ach ag an deiridh chuaigh sé isteach, thairneáil mé é agus d'imigh chun na buachaillí a bhailiú ón scoil.


No comments:

Post a Comment