27 March 2017

27/03/2017 - Ag cóiriú an bunchlár.

Do bhí an lá caite agam ag snoí píosaí beaga as bun na frámaí agus ag cóiriú an bunchlár fúthu.
D'úsáideas siséil ar na frámaí agus céimphlána ar an mbunchlár, den cuid ba mhó.








Tá an píosa adhmad sin ag an tiús céanna leis an stráca íochtair agus caithfidh an méid go léir a bheith cóir agus cothrom.



Agus mé ag obair, ag seachaint mo gnó féin, go tobann mhothaíos rud éigin ag dó mo lámh ar dheis. Foiche a bhí ann agus bhí sí tar éis mo chealg! Nílim cleachta lena leithéid ag an cuid seo den bhliain, sin a bhí. N'fheadar an raibh sí ina coladh i gcraic éigin sa bhád, nó i measc na scamháin ar an talamh, agus b'fhéidir gur chuireas isteach uirthi, ach pé scéal é, mharaíos í, i ngan fios cad a bhí ag tarlúint.
Tar éis roinnt beag taighde anois ar an idirlíon, is dóigh liom gurb í cráinfhoiche í, amuigh ag lorg áit oiriúnach nead a thógáil. Tá áthas orm nár thóg sí nead i mo bháidín.

Ar aon nós, ní raibh an t-am agam a bheith a déanamh trua fúm féin. Leanas ar aghaidh leis an cóiriú.

Cuma breá ag teacht ar an scéal anois.

No comments:

Post a Comment