20 March 2017

20/03/2017 - Corcáil ar an taobh deasbhoird.


Agus na séamaí oscailte leathan anois dob é an chéad chéim eile anois ná iad a chorcáil -  is é sin an cadás a thiomáint isteach iontu.

Ag sníodh na duail cadáis ina chéile.

Tosnaím ar an séama is cúinge.


Taer éis an cadás a chuir ann, tiomáinim isteach é (timpeall leath orlach fén ndromchla).
Agus arís...
Agus arís...
Agus arís eile.


Ina dhiaidh sin níl an cabhail cothrom ná cóir a thuilleadh. Úsáidim an locar beag chun é a dheisiú beagáinín.

Ansin dheineas roinnt dalláin as Dhúghlas agus irócó. Níorbh mór dom an druilire seastáin sa chlós a úsáid toisc nach raibh mo cheann féin sa bhaile sách láidir!

Ansin líonas an poll cranra sin le dallán agus eapocsach.


Bhíos ag éirí bréan ag féachaint ar na poill siúd sa thrasnán, mar sin do líonas iad siúd freisin.


No comments:

Post a Comment