24 March 2017

24/03/2017 - Rabóidí


Do bhí an eapocsach breá cruaidh ar maidin. B'fhéidir liom an rabóid a shíneadh amach an slí ar fad go dtí an trasnán ansin.
Bhíos chomh cúramach agus ab fhéidir liom ar eagla go mbrisfinn an píosa beag istigh ina áit nua.

Ach go mall, tháinig sé le chéile ag an deiridh.

D'aimsíos scriú eile fén rabóid. Tá sé seo ar nós fiacla a tharrac!



Gach aon uair a thagann Liam isteach molann sé níos mó ábhar a bhaint de.

Agus an méid céanna ar an rabóid tosaigh.


Caithfidh gach píosa a bheith cóir agus ceart. Agus beidh ag an deiridh...tá súil agam.

No comments:

Post a Comment