22 March 2017

22/03/2017 - Ag caitheamh thart ar a taobh í.

Shocraíos bairille agus seac hiodrálach ar an taobh deasbhoird agus nuair a tháinig Liam chun cabhrú liom bhaineas na tacaí deireanacha dí. Ansin leagamar síos ar a deasbhoird í. Do bhí sé iontach, ach beagáinín ait, an bád a fheiscint ag bogadh agus ag luí ar a taobh, ach tuar dul chun cinn atá ann cinnte.





An chéad jab le déanamh ná bolta a chuir tríd fráma umh.16. Ní rabhas ábalta é sin a dhéanamh go dtí seo toisc go raibh an chíle ina luí ar blocán ag an spota sin.
Tá sé deacair le feiscint, ach bhí an poll ann cheanna.


Dallán beag le go mbeidh mé ábalta an bhéalmhír a chuir tríd ón mbun.


Ag druileáil an poll leathan le haghaidh ceann an bolta.

Ag úsáid slat táthúcháin chun doimhneacht an poll a thomhas.




Ag fáil píosa beag cadáis le haghaidh an bolta.

Smuta beag Sikaflex, ó eagla go heagla, agus téann an bolta isteach ón mbun.

Ach ní raibh mo thomhas ró-chruinn, ní rabhas ábalta an cnó a chuir air mar seo.

Bhí réiteach agam le sin.




Dhein an bolta damáiste beag ar a slí tríd an urláir.
Agus mé ag déanamh an jab beag seo, bhí sé ar nós sean-tochas a thochais. Tá sé ar mo aigne le breis in bliain anuas go raibh an bolta seo (agus ceann amháin eile chun tosaigh) fós le déanamh.

Sin déanta, thosnaíos ar an gcóiriú, agus bhí an-chuid le déanamh.

Agus leanas ar aghaidh leis an rabóid tosaigh.




Cuairteoirí oinigh sa bhothán.


Tadhg ag iniúchadh an obair.

Odhran ag déanamh a bhád féin as gearrthóg beag.


No comments:

Post a Comment