21 March 2017

21/03/2017 - Puití

Thosnaíos ag líonadh na séamaí (nó paying, mar a thugtar air i mBéarla) le puití miniam (luaidhe dhearg).
Nuair a tháinig Liam isteach ar chuairt orm ní raibh sé ró-thógtha le mo chuid oibre. Do bhí an puití ró-thiubh agus bhíos ag úsáid i bhfad an iomad ag iarraidh é a fháscadh isteach sna séamaí. B'fhéidir go raibh sé ró-0fhuar, b'fhéidir go raibh an puití féin ró-thirim, ach pé cúis a bhí ann, nuair a mheascas ola róis leis, do bhí sé i bhfad ní ba fhusa é a chuir ann. Agus ní rabhas ag úsáid an méid céanna ach an oiread!








Sin déanta, bhaineas an cuid is mó don ábhar breise de na dalláin sa trasnán.


Ansin, mhol Liam go raibh sí réidh le casadh ar a taobh agus thosnaíos ag baint na tacaí di.


Ba é seo an chéad seans a cíle a fhescint mar píosa amháin díreach ón lá a chuirtear ina seasamh í.



Agus radharc deas gan bhac de íochtar an bháid.





No comments:

Post a Comment