23 March 2017

23/03/2017 - Cóiriú agus an rabóid.

Ar ais ag cóiriú arís ar maidin. Tá an dair go hiomlán tirim anois, tá sé stóinsithe ar fad agus nach mór chomh cruaidh le cloch. Tá sé an-deacair ar na huirlisí agus ar mo lámha freisin! Bíonn orm fabhair a chuir ar na hiarainn agus araile go minic.


Chomh maith le sin, tá na huirlisí ag aimsiú an-chuid scriúnna briste laistigh sna frámaí 'is na hurláir. Uaireanta bíonn siad deacair le baint, ach déanann siad dochar leis na huirlisí freisin.

Do bhí a lán obair ag teastáil ó umh. 17 & 18 go háirithe. Bhíos ag súil le sin toisc go raibh deilbh nua déanta ag John dóibh. Ach sin scéal eile, is dóigh.

Ag an dtaca seo bhí sé in am deiridh a chuir le rud éigin eile a bhí ag cuir as dom. An bearna beag ag bun an trasnán, os cionn an post deiridh. In aon uair amháin do bhí píosa áirithe gearrtha amach agam le haghaidh an spota sin, ach tá caillte leis na míonna. Mar sin chruthaíos píosa nua le dhul isteach ann.

An píosa greamaithe isteach ag bun an trasnán le gliú eapocsach.


An rabóid deiridh marcáilte amach.

Seo ceann de na jabanna is tábhachtaí sa tionscadal. Ag gearradh amach an rabóid deiridh. Ní mór dom a bheith cúramach. Mar a dúirt Liam - "We can't afford any fuck-ups now."







No comments:

Post a Comment