28 March 2017

28/03/2017 - An triú lá ar an rabóid.


Bhíos ag éirí bréan leis na rabóidí um an bpointe seo, ach fós ní raibh Liam sásta.
Tuilleadh ábhair le baint de agus tuilleadh cóiriú.

Ar dtús chuireas cúpla líne ar an chíle chun tiús an stráca a mharcáil amach.


Ansin shíneas slat amach ar fad an cíle chun an tiús céanna a mharcáil fé gach fráma, agus a bheith cinnte go mbeadh líne an stráca díreach.


Agus ansin níos mó le baint den rabóid.
Ar chuma éigin táim tar éis poll, nó sórt log a dhéanamh ar an áit a bhaineann an cnaí deiridh leis an mbunchlár, os comhar fráma a 17. Dá bhrí sin caithfidh mé níos mó a bhaint taobh thiar de, ach ní bheinn ábalta a ruaig a chuir air go hiomlán.
Ag teacht le chéile go deas, ag an deiridh.

 Scriú eile!
Agus ag deiridh an lae bhí Liam sásta - "'Tis good, in fairness." a dúirt sé. Bhuel, nach mise a bhí sásta!


No comments:

Post a Comment