01 April 2019

01/04/2019 - Rigín reatha





Rith smaoineamh liom ar maidin go mbeinn in ann scriú stainge a dhéanamh as scriú cóiste, mar seo:

Ar dtús, chuireas an scriú sa bhís agus bhaineas an ceann de. Ansin dheineas iarracht an snáithe a ghearradh den cos, ach theip orm. Ní rabhas ábalta é a dhéanamh díreach agus ag an deiridh scriosadh mo dhísle.
D'éiríos as agus d'fhilleas ar ais ag an gclós. D'fhéadfainn é seo a dhéanamh arís ar an long le cúnamh innealtóir éigin.
**************************************************************
Uasdátú 26/04/2019: Le dea-chúnamh ó Andy Towers, d'éirigh liom dhá scriú stainge M12 a dhéanamh.
*************************************************************

Ar ais ag an gclós, thosnaíos ag obair ar na comanna sa stagh tosaigh.

Ní raibh an ceann seo mar an ceann is deise a dheineas riamh, ach bhí sé ceart go leor.


Chuas amach arís agus thomhas mé an fad idir an post tosaigh agus an crann agus dheineas an áireamh arís sular ghearras an sreang chun an com súile deireanach a dhéanamh.

Sin déanta, leanas ar aghaidh leis an rigín reatha; háiléir píce, háiléir jibe agus háiléir an bharrsheol.
Is breá liom comáil le téad snáithe, bíonn sé chomh éasca agus suaimhneach i gcomparáid le comáil sreinge.

Táim sásta leis an gceann seo, tá barrchaolú deas ann.

An chéad rud eile ná seaicil réise a dhéanamh.
Thosnaíos leis cúpla lá ó shin nuair a lúbas an píob sin - anois bhí sé in am é a chríochnú.
Ar dtús dheineas dealbh den cuar.
Agus d'aistríos an cuar sin go dtí píosa barra cothrom.
Ghearras amach poll le haghaidh an seaicil, agus ghearras amach an cruth.
Ansin tháthaigh mé an píosa tacaíochta sin don píob.


Ansin ghearras amach an cruth den píob.
Ansin chóirigh mé an imeall leis an diosca flapóige.
Bhíos sásta leis sin freisin.

Níl sé chomh galánta is atá na cinn ar dhíol sna siopaí, ach bhí sé i bhfad ní ba shaoire. 😊

Le cúpla lá anuas bhíos ag lorg píosa barra cruach dhosmálta, 8mm a fháil le haghaidh pionna an síobh ag barr an gheaifil. Gan choinne inniu chonac go raibh John ag baint úsáid as ceann deas chun péint a mheascadh. D'oir sé liom go foirfe.


Lá táirgiúil a bhí ann inniu.

No comments:

Post a Comment