02 April 2019

02/04/2019 - Ath-feistiú an waterlock

Anuraidh ní rabhas sásta leis an feistiú an waterlock. Pé rud a dheineas, agus pé chaoi a chasas é, níor éirigh liom é a chuir fé leibhéal an urláir. Bhí an spás ró-chuing ar fad.
Ach ansin, mhol Liam dom píosa a bhaint den leaba an innill. Ní rabhas cinnte fé, ach bhí orm rud éígin a dhéanamh.
Sin píosa beag bainte den leaba.
Agus suíonn an waterlock isteach go deas néata!

Mhol Fionn Lupton dom anóid íobartach a chuir ar an gcabhail agus é a cheangal leis an inneall agus an feadán seafta le sreanga.
Bhíos amhrasach ar dtúis, cén fáth go mbeadh cathodic protection ag teastáil ó bhád adhmaid? Bád nú long cruach, cinnte, ach adhmad?
Ach tá an ceart aige. Oibríonn an t-adhmad mar seoltóir aibhléise agus bíonn gach saghas miotal laistigh sa bhád ag ite a chéile insan leictrilít na farraige.
Seo an chéad poll déanta agam.
Agus ansin an tarna pholl agus an anóid.
Cuirfad sreanga óna boltaí go dtí an inneall agus an píobán amárach.

Ina dhiaidh sin chasas mo aird ar an gceap treo.
N'fheadar conas a tharla sé, ach táim buartha nach féidir leis an gcrann dul isteach ann mar gheall ar an mbíoma rungála sa slí.




Ghearras ceintiméadar de (dheineas an poll ceintiméadar níos faide), agus tá súil agam go mbeidh sé ceart go leor.





No comments:

Post a Comment